An difir idir an saol sin agus an saol anois. Ní raibh mórán airgid ag daoine, ní raibh siad ag fáil mórán airgid ar shon an n-ainmhithe san am sin. Anois, bítear ag coinneáil súil ar aicíd ar an eallach agus tugtar ar shiúl iad má tá siad tinn. Bhí leigheas acusan iad féin don eallach, anois tugtar instealladh daofa.